A chara,

 

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Roinn Oideachais chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

 

Beidh forbairt an pholasaí seo á threorú ag torthaí an chomhairliúcháin phoiblí agus ag taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ina theannta sin, foilsíodh tuarascáil maidir le soláthar reatha oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar phointe tagartha tábhachtach chun bonn eolais a chur faoin gcomhairliúchán agus faoin bpróiseas forbartha polasaí.

Tá an comhairliúchán ag lorg tuairimí ó réimse leathan eagraíochtaí agus daoine aonair, agus beidh guthanna leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí agus múinteoirí san áireamh freisin, chun a chinntiú go gcuirfidh a dtaithí agus a dtuairimí bonn eolais faoin bpolasaí. Táthar ag iarraidh sa chomhairliúchán seo iad siúd a bhfuil spéis ar leith acu sa Ghaeilge agus in oideachas na Gaeilge a chur san áireamh, ach freisin iad siúd nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge nó leis an oideachas lán-Ghaeilge go rialta a chur san áireamh.

 

Tá an Roinn anois ag lorg do chúnaimh ar dhá bhealach.

  • Iarraimid ort an t-eolas faoin gcomhairliúchán poiblí agus an nasc chuig an gceistneoir ar líne a roinnt i measc do bhall nó do líonra. Tá sé ríthábhachtach go roinnfear an comhairliúchán poiblí ar líon mór daoine, ionas gur féidir réimse leathan tuairimí agus taithí daoine éagsúla a chur san áireamh. Beidh an ceistneoir ar fáil le comhlánú go dtí 16 Eanáir 2023. Pacáiste Comhpháirtithe-Comhairliúchán-Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
  • Más mian le d’eagraíocht tuilleadh ionchuir a bheith acu sa chomhairliúchán poiblí, tá fáilte romhat freisin aighneacht scríofa a sheoladh chuig POLG@education.gov.ie faoi 16 Eanáir 2023.

Reáchtálfar grúpaí fócais in 2023 freisin chun iniúchadh breise a dhéanamh ar na téamaí a thagann chun tosaigh sa chomhairliúchán ar líne agus sa taighde atá ar bun.

Is féidir teacht ar an gceistneoir, mar aon le tuilleadh eolais faoin bpróiseas comhairliúcháin, ag gov.ie/POLG.

Míle buíochas as do chúnamh.

 

Le gach dea-ghuí,

An Roinn Oideachais.

 

 

A chara,

 

The Department of Education has launched a public consultation to inform the development of a new policy for Irish-medium education outside of the Gaeltacht.

 

The development of this policy is being informed by the outcomes of the public consultation and by national and international research. Additionally, a report on current provision of Irish-medium education outside of the Gaeltacht has been published as an important reference point to inform the consultation and policy development process.

The consultation is seeking the views of a wide range of organisations and individuals, and will also include the voices of children and young people, parents and teachers, to ensure their experiences and views inform the policy. The consultation is seeking to include those with a particular interest in the Irish language and in Irish-medium education, but also those who do not regularly engage with the Irish language or Irish-medium education.

 

The Department is now seeking your assistance in two ways.

  • We ask you to please share the information about the public consultation and the link to the online questionnaire among your members or network. It is vital that the public consultation reaches a large number of people, so that a wide variety of views and experiences of different individuals can be captured. The questionnaire will be available to complete until 16 January 2023. Partnerpack-Consultation-Irish-medium Education outside of the Gaeltacht
  • If your organisation would like to further contribute to the public consultation, you are also welcome to make a written submission to POLG@education.gov.ie by 16 January 2023.

Focus groups will also be held in 2023 to further explore the themes that come to the fore in the online consultation and in the research currently underway.

The questionnaire, as well as further information on the consultation process, can be accessed at gov.ie/POLG.

Many thanks for your assistance.

 

Le gach dea-ghuí,

Department of Education.

***************************************************************************************************************
Polasaí ríomhphoist agus séanadh na Roinn Oideachais| An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Department of Education/DFHERIS email policy and disclaimer
https://www.gov.ie/en/organisation-information/272439-seanadh-riomhphoist-email-disclaimer/
***************************************************************************************************************
Seirbhís den scoth á cur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann
Providing a world-class service to the State and to the people of Ireland
http://www.per.gov.ie/civil-service-renewal/