Ficheall 2026/2027

 

 

Is líonra náisiúnta é an líonra Ficheall.ie de bhunmhúinteoirí a chuireann ficheall chun cinn ina gcuid scoileanna ar mhaithe leis na buntáistí sóisialta agus cognaíocha atá aige do dhaltaí bunscoile. Baineann múinteoirí Ficheall úsáid as ficheall mar uirlis chun múineadh tríthi agus a thugann deis dá ndaltaí scileanna agus luachanna nua a fhorbairt, chomh maith le hionadaíocht a dhéanamh ar a scoilse ag comórtais Ficheall ar a dtugtar Féile Fichille.

 

Tá go leor acmhainní den scoth cruthaithe ag comhmhúinteoirí bunscoile ar an suíomh gréasáin Ficheall.ie, mar shampla:

 

Cúrsa Samhraidh Ficheall

Cúrsa Samhraidh Ficheall Tá Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach tar éis an cúrsa samhraidh Ficheall do Scileanna Sóisialta a óstáil roimhe seo agus d’éirigh go hiontach leis. Ar chríochnú an chúrsa seo is féidir le múinteoirí ficheall a imirt (a bhformhór ag freastal ar an gcúrsa nár imir siad ficheall riamh roimhe seo) agus is féidir leo bunghnéithe na fichille a mhúineadh do dhaltaí ina rang agus príomhchuspóirí curaclaim OSPS á múineadh acu ó rang a 1 go rang a 6 (seo ar fad gan bileoga oibre).

 

Comórtais Fichille Féile Fichille

Is comórtais fichille neamh-iomaíocha iad comórtais Fhéile Fichille a eagraítear gach bliain sa dara téarma. Ní bhronntar aon bhoinn, duaiseanna ná trófaithe. Ina áit sin, is ceiliúradh é an lá ar na daltaí atá ag foghlaim na fichille agus na scileanna sóisialta chomh maith le scileanna ceannaireachta a múinteoirí chun an tionscnamh a thabhairt isteach ina scoil. I gcás go leor daltaí is é an chéad deis atá acu a ngeansaí scoile a chaitheamh agus ionadaíocht a dhéanamh ar a scoil.

Is féidir tuilleadh sonraí faoi Chomórtais Féile Fichille a fháil anseo (seicliosta san áireamh chun a chinntiú go bhfuil daltaí réidh don Fhéile Fichille) 

 

Amlíne Fhéile Fichille

● Meán Fómhair: Clárúcháin ar Oscailt

● Deireadh Fómhair: Dúntar clárúcháin

● Samhain: Cuirtear an dáta agus an áit don chomórtas in iúl do na scoileanna

● Eanáir/ Feabhra/ Márta: Sceidealfar comórtas Féile Fichille sa 2ú téarma. Leithdháilfear comórtas Féile Fichille amháin ar scoileanna cláraithe le freastal air. Beidh ar scoileanna a bheith ag an ionad ag 9.30 a.m. agus an ócáid críochnaithe faoi 2 p.m.

Déan Teagmháil Linn

Déan Teagmháil Linn má tá aon cheist agat maidir le Comórtais Féile Fichille déan teagmháil le Ficheall ag baint úsáid as an nasc Déan Teagmháil Linn anseo.


Ficheall.ie is the national network of primary teachers promoting chess in their schools for the social and cognitive benefits it has for primary school students. Ficheall teachers use chess as a tool to teach through and an opportunity for their students to develop new skills and values, as well as representing their school at Ficheall tournaments called Féile Fichille (chess festival). 

 

The Ficheall.ie website contains many excellent resources created by fellow primary school teachers such as: 

 

Ficheall Summer Course 

Cork Education Support Centre have hosted the Chess for Social Skills summer course previously with great success. Upon completion of this course teachers can play chess (most attend the course having never played chess before) and can teach the basics of chess to students in their class while also teaching key SPHE curriculum objectives from 1st to 6th class (all of this without worksheets). 

 

Féile Fichille Chess Tournaments 

Féile Fichille tournaments are non-competitive chess tournaments organised annually in term two. No medals, prizes or trophies are presented. Instead, the day is a celebration of the students learning chess and social skills as well as their teachers’ leadership skills to introduce the initiative in their school. For many students it is their first opportunity to wear their school jersey and represent their school. More details about Féile Fichille Tournaments can be found here (including a checklist to ensure students are ready for the Féile Fichille) 

 

Féile Fichille Timeline 

  • September: Registrations Open 
  • October: Registrations Close 
  • November: Schools informed of tournament date and venue 
  • January/ February/ March: Féile Fichille tournament will be scheduled in term 2. Registered schools will be allocated one Féile Fichille tournament to attend. Schools are required to be at the venue at 9.30am with the event concluded by 2pm 

 

Contact Us 

If you have any queries regarding the Féile Fichille Tournaments please contact Ficheall using the Contact Us link here.