A chara,
Tús maith leath na hoibre! A good start is half the battle!
Agus tús curtha le scoilbhliain úrnua, tá lúcháir orainn acmhainn speisialta a roinnt leat – frásleabhar Gaeilge is féidir a íoslódáil saor in aisce a chabhróidh leat an Ghaeilge a chuimsiú gan stró i saol laethúil do theaghlaigh.
As another school year begins, Gaelchultúr is delighted to share a special resource with you—a free downloadable Irish-language phrasebook that will help you seamlessly incorporate Irish into your family’s everyday routine.
Íoslódáil Anseo | Download Here
Cad atá san áireamh:
Tá an leabhar seo breac le frásaí praiticiúla, a chinnteoidh gur féidir leat an Ghaeilge a fhí isteach i ngach cuid den lá – ó ghnáthamh na maidine go dtí am bia, agus am folctha fiú!
Cuireadh an frásleabhar seo le chéile chun cabhrú leat níos mó Gaeilge a úsáid ag:
• Geataí na scoile
• Cruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí
• Amanna béile agus codlata
• Agus amanna éagsúla eile le linn an lae.
What’s Included:
This free phrasebook is packed with hundreds of practical phrases, ensuring that you have the Irish you need for every part of your family’s day – from the morning routine to mealtimes, and even bath time!
This phrasebook was designed to help you include more Irish at:
• The school gates
• Parent-teacher meetings
• Mealtimes and bedtime
• And various other times during the day.
Íoslódáil Anseo | Download Here
Tuigimid go mbíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí go minic ó thaobh fhuaimniú na Gaeilge de agus, chuige sin, chuireamar comhaid fuaime ar fáil do gach frása. Déanann na míreanna fuaime seo é níos éasca ná riamh an Ghaeilge a úsáid go muiníneach i do chomhráite laethúla, is cuma cén leibhéal líofachta atá agat.
We know that pronunciation can be tricky for learners of Irish, so we’ve also included audio files for every phrase. These recordings make it easier than ever to confidently incorporate Irish into your daily conversations, no matter your level of fluency.
Íoslódáil Anseo | Download Here
Agus má tá fonn ort do chuid scileanna Gaeilge a fheabhsú níos mó arís, caith súil ar chúrsaí ar líne Ghaelchultúir. Is cuma dá mb’fhearr leat rang seachtainiúil a dhéanamh nó a bheith ag foghlaim ar do luas féin ar ranganna.com, tá cúrsa againn a oirfidh do do sceideal agus do stíl foghlama féin.
And if you’re eager to hone your Irish-language skills even further, we invite you to explore Gaelchultúr’s online courses. Whether you’d prefer a weekly class or to learn at your own pace on ranganna.com, we have a course to fit your schedule and learning style.
Íoslódáil an frásleabhar saor in aisce inniu agus bain sult as an nGaeilge a roinnt le do theaghlach!
Download your free phrasebook today and enjoy sharing the Irish language with your family!
Íoslódáil Anseo | Download Here
Cóipcheart / Copyright © 2020 Gaelchultúr Teoranta, Gach ceart ar cosaint / All rights reserved.
Cuireadh leis an liosta seo tú mar gur léirigh tú spéis i seirbhísí Ghaelchultúir / You were added to this list because you expressed an interest in Gaelchultúr’s services
Seoladh Poist / Postal Address:
Gaelchultúr Teoranta,
11 Sráid an Chláraigh,
Baile Átha Cliath 2,
Éire,
D02 TD34
Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.