Ráiteas um Chosaint Leanaí/ Child Safeguarding Statement
Comhlachtaí neamhthráchtálacha faoi choimirce na Roinne Oideachais/ Non-commercial bodies under the aegis of the Department of Education
Ráiteas um Chosaint Leanaí/ Child Safeguarding Statement
Is comhlacht neamhthráchtálach é Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach faoi choimirce na Roinne Oideachais. Tá sé ar cheann de 21 Ionad Oideachais lánaimseartha a fheidhmíonn go náisiúnta chun cláir thacaíochtaí forbartha gairmiúla leanúnaí (FGL) a sholáthar do mhúinteoirí agus do scoileanna i gceantar Chathair agus Chontae Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Sainmhíníonn an tAcht Oideachais (1998) Ionaid Oideachais mar “áit ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí, boird agus daoine ábhartha eile a thacaíonn leo a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh maidir le soláthar oideachais atá aitheanta chun na críche sin ag an Aire”.
Drumcondra Education Support Centre is a non-commercial body under the aegis of the Department of Education. It is one of 21 full-time Education Centres which operates nationally to provide programmes of continuing professional development (CPD) supports for teachers and schools in the North Dublin City and County area. The Education Act (1998) defines Education Centres as “a place in which services are provided for schools, teachers, parents, boards and other relevant persons which support them in carrying out their functions in respect of the provision of education which is recognised for that purpose by the Minister”
___________________________________________________________________________
Tá bunús dlí ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach faoi Alt 37 den Acht Oideachais (1998). Toghtar an Coiste Bainistíochta go bliantúil, agus tá sé freagrach as rialachas agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Ionaid. Déanann Stiúrthóir an Ionaid bainistíocht ar an Ionad ar bhonn laethúil.
Drumcondra Education Support Centre has its legal basis under Section 37 of the Education Act (1998). The Management Committee is elected annually, and is responsible for the governance and oversight of the Centre’s activities. The Director of the Centre manages the Centre on a daily basis.
__________________________________________________________________________________
I gcomhréir le ceanglais an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí 2017, Aguisín do Thús Áite do Leanaí (2017), Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023) agus Treoir Tusla maidir le Ráitis um Chosaint Leanaí a ullmhú, tá an Ráiteas um Chosaint Leanaí atá leagtha amach sa doiciméad seo comhaontaithe ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach.
In accordance with the requirements of the Children First Act 2015, Children First: National Guidance for the Protection and Welfare of Children 2017, the Addendum to Children First (2019), the Child Protection Procedures for Primary and Post-Primary Schools (revised 2023) and Tusla Guidance on the preparation of Child Safeguarding Statements,
Drumcondra Education Support Centre has agreed the Child Safeguarding Statement set out in this document.
___________________________________________________________________________________
- Is í Frances Moss, Stiúrthóir, an Teagmhálaí Ainmnithe (TA) – director@ecdrumcondra.ie nó 0873358550
- The Designated Liaison Person (DLP) is Frances Moss, Director – director@ecdrumcondra.ie or 0873358550
- Is í Bridget Quigley an Leas-Theagmhálaí Ainmnithe (LTA) – BridgetQ@ecdrumcondra.ie nó 0863212093
- The Deputy Designated Liaison Person (DDLP) is Bridget Quigley – BridgetQ@ecdrumcondra.ie or 0863212093
______________________________________________________________________________________
(Tá an Teagmhálaí Ainmnithe (TA) freagrach as a chinntiú go leantar nósanna imeachta tuairiscithe laistigh de d’eagraíocht, ionas go gcuirtear imní faoi leas agus cosaint leanaí ar aghaidh go pras chuig Tusla) – https://www.tusla.ie/children-first/organisations/appointing-a-designated-liaison-person/.
(The designated liaison person (DLP) is responsible for ensuring that reporting procedures within your organisation are followed, so that child welfare and protection concerns are referred promptly to Tusla) – https://www.tusla.ie/children-first/organisations/appointing-a-designated-liaison-person/.
_____________________________________________________________________________________
- Is í Frances Moss, Stiúrthóir, an Duine Iomchuí – director@ecdrumcondra.ie 0873358550
(An tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015: “is éard a chiallaíonn “duine iomchuí” ná duine atá ceaptha ag soláthraí seirbhíse iomchuí le bheith mar an gcéad phointe teagmhála i leith ráitis um chosaint leanaí an tsoláthraí).
- The Relevant Person is Frances Moss, Director – director@ecdrumcondra.ie 0873358550
(Children First Act 2015: “relevant person” means a person who is appointed by a provider of a relevant service to be the first point of contact in respect of the provider’s child safeguarding statement).
_________________________________________________________________________________
- Ina pholasaithe, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí, cloífidh Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach leis na prionsabail dea-chleachtais a leanas maidir le cosaint leanaí:
- In its policies, procedures, practices and activities, Drumcondra Education Support Centre will adhere to the following principles of best practice in child protection and safeguarding:
___________________________________________________________________________________
Déanfaidh Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach an méid a leanas:
- a aithint go bhfuil cosaint agus leas leanaí thar a bheith tábhachtach, beag beann ar gach breithniú eile;
- cloí go hiomlán lena oibleagáidí reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus reachtaíocht ábhartha eile a bhaineann le cosaint agus leas leanaí;
- comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis reachtúla ábhartha maidir le cúrsaí cosanta agus leasa leanaí;
- cleachtais shábháilte a ghlacadh chun an fhéidearthacht go dtarlódh díobháil nó timpistí do leanaí a laghdú agus chun oibrithe a chosaint ón ngá atá le rioscaí nach bhfuil gá leo a ghlacadh a d’fhéadfadh iad féin a fhágáil oscailte do líomhaintí mí-úsáide nó faillí;
- meas iomlán a bheith aige ar riachtanais rúndachta agus é ag déileáil le cúrsaí cosanta leanaí;
- Geallann an tIonad go seasfaidh sé le cearta gach linbh agus duine óig a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí a bhaineann le foireann feidhmiúcháin Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach agus baill an Ionaid agus leo siúd atá faoi chonradh thar ceann Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, lena n-áirítear an ceart a bheith sábháilte agus cosanta ó dhochar, éisteacht leo agus a dtuairimí a chloisteáil.
- Tá Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach tiomanta oiliúint a sholáthar don fhoireann agus do bhaill an Ionaid de réir a gcuid riachtanas, freagrachtaí agus cuspóir a n-idirghníomhaíochta le leanaí agus daoine óga.
- Cloífidh Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach leis na prionsabail thuas maidir le haon dalta aosach a bhfuil leochaileacht speisialta aige/ aici.
Drumcondra Education Support Centre will:
- recognise that the protection and welfare of children is of paramount importance, regardless of all other considerations;
- fully comply with its statutory obligations under the Children First Act 2015 and other relevant legislation relating to the protection and welfare of children;
- fully co-operate with the relevant statutory authorities in relation to child protection and welfare matters;
- adopt safe practices to minimise the possibility of harm or accidents happening to children and protect executive staff and members of the Centre and those contracted on behalf of Drumcondra Education Support centre from the necessity to take unnecessary risks that may leave themselves open to accusations of abuse or neglect;
- fully respect confidentiality requirements in dealing with child protection matters.
- commit to upholding the rights of every child and young person who participates in activities involving Drumcondra Education Support Centre executive staff and members of the Centre and those contracted on behalf of the Drumcondra Education Support Centre, including the right to be kept safe and protected from harm, listened to and heard.
- Drumcondra Education Support centre is committed to providing staff and members of the Centre with training in accordance with their needs, responsibilities and the purpose of their interaction with children and young people.
- Drumcondra Education Support Centre will also adhere to the above principles in relation to any adult student with a special vulnerability.
_____________________________________________________________________________________
Tá na nósanna imeachta/ bearta seo a leanas i bhfeidhm:
- Tá nósanna imeachta tuairiscithe cuí i bhfeidhm chun riachtanais tuairiscithe an Achta a léiriú chun oibleagáidí tuairiscithe dea-chleachtais a chomhlíonadh do gach duine atá leagtha amach faoi na Nósanna Imeachta nuashonraithe um Chaomhnú Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna (athbhreithnithe 2023).
- Maidir le roghnú nó earcú foirne agus ball an Ionaid agus a n-oiriúnacht chun oibriú le leanaí, cloíonn Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach le ceanglais ghrinnfhiosrúcháin reachtúla Achtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016.
The following procedures/measures are in place:
- Appropriate reporting procedures are in place to reflect the Act’s reporting requirements to meet best practice reporting obligations for all persons set out under the updated the Child Protection Procedures for Primary and Post Primary Schools (revised 2023)
- In relation to the selection or recruitment of staff and members of the Centre and their suitability to work with children, Drumcondra Education Support Centre adheres to the statutory vetting requirements of the National Vetting Bureau (Children and Vulnerable Persons) Acts 2012 to 2016.
______________________________________________________________________________
Maidir le faisnéis, agus nuair is gá, treoir agus oiliúint, a sholáthar d’fhoireann an Ionaid agus do bhaill an Choiste Bainistíochta i dtaca le sainaithint ar tharla an dochair (mar atá sainmhínithe san Acht 2015):
- Chuir Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach cóip den Ráiteas um Chosaint Leanaí ar fáil d’fhoireann an Ionaid agus do bhaill an Choiste Bainistíochta;
- Cinntíonn Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach go gcuirtear cóip de Ráiteas um Chosaint Leanaí Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach ar fáil do gach ball nua d’fhoireann an Ionaid agus den Choiste Bainistíochta;
- Spreagann Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach foireann an Ionaid agus baill an Choiste Bainistíochta leas a bhaint as oiliúint ábhartha;
- Coinníonn Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach taifid den oiliúint ar fad a thugtar d’fhoireann an Ionaid agus do bhaill an Choiste Bainistíochta.
In relation to the provision of information and, where necessary, instruction and training, to centre staff and members of the management committee in respect of the identification of the occurrence of harm (as defined in the 2015 Act) Drumcondra Education Support Centre:
- Has provided centre staff and members of the management committee with a copy of the Child Safeguarding Statement
- Ensures all new centre staff and members of the Management Committee are provided with a copy of the Child Safeguarding Statement
- Encourages centre staff and members of the Management Committee to avail of relevant training.
- Maintains records of all training provided for centre staff and members of the Management Committee.
_____________________________________________________________________________________
- Maidir le tuairisciú imní faoi chosaint leanaí, tá sé de dhualgas ar fhoireann ar fad an Ionaid agus ar bhaill an Choiste Bainistíochta cloí lena nósanna imeachta chun Imní faoi Chosaint Leanaí a Thuairisciú, rud a thagann faoi bhráid fhoireann an Ionaid agus bhaill Choiste Bainistíochta Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach.
- Tá an “duine ábhartha” thuasluaite (mar atá sainmhínithe san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015) ceaptha ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach mar an gcéad phointe teagmhála maidir leis an ráiteas um chosaint leanaí.
- In relation to reporting of child protection concerns, all Centre staff and members of the Management Committee are required to adhere to their procedures for Reporting Child Protection Concerns which come to the attention of Centre staff and members of the Management Committee of Drumcondra Education Support Centre.
- Drumcondra Education Support Centre has appointed the above named “relevant person” (as defined in the Children First Act 2015) to be the first point of contact in respect of the child safeguarding statement.
______________________________________________________________________________
- De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015 agus an Aguisín do Thús Áite do Leanaí (2019), rinne Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach measúnú ar aon fhéidearthacht díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine óg agus é/ í ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí a bhfuil foireann Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach agus baill an Choiste Bainistíochta páirteach iontu agus iad siúd faoi chonradh thar ceann Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach.
- In accordance with the Children First Act 2015 and the Addendum to Children First (2019), Drumcondra Education Support Centre has carried out an assessment of any potential for harm to a child or young person who participates in activities involving Drumcondra Education Centre staff and members of the Management Committee and those contracted on behalf of Drumcondra Education Support Centre.
_____________________________________________________________________________________
Tá measúnú scríofa a leagann amach na réimsí riosca a aithníodh agus na nósanna imeachta chun na rioscaí sin a bhainistiú san áireamh leis an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo.
A written assessment setting out the areas of risk identified and the procedures for managing those risks is included with this Child Safeguarding Statement.
_________________________________________________________________________________________
Nóta: Níl an méid thuas ceaptha mar liosta iomlán.
- Foilsíodh an ráiteas seo ar ár suíomh gréasáin agus cuireadh ar fáil é d’fhoireann ar fad an Ionaid agus do gach ball den Choiste Bainistíochta.
Note: The above is not intended as an exhaustive list.
- This statement has been published on our website and has been provided to all Centre staff and members of the Management Committee.
______________________________________________________________________________________
Is féidir teacht air go héasca ach é a iarraidh.
Cuirfear cóip den Ráiteas seo ar fáil d’Aonad Comhlíonta an Ráitis um Chosaint Leanaí Tusla má iarrtar air.
It is readily accessible on request.
A copy of this Statement will be made available to Tusla’s Child Safeguarding Statement Compliance Unit (CSSCU) if requested.
__________________________________________________________________________________
- Déanfar athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo go rialta nach faide ná 24 mí nó chomh luath agus is féidir nuair a thagann athrú ábhartha ar aon ábhar dá dtagraíonn an ráiteas.
- This Child Safeguarding Statement will be reviewed at intervals of not more than 24 months or as soon as practicable after there has been a material change in any matter to which the statement refers.
__________________________________________________________________________________
Measúnú Riosca
Measúnú Scríofa Riosca Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach
De réir alt 11 den Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 is é seo a leanas Measúnú Scríofa Riosca Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach.
Risk Assessment
Written Assessment of Risk of Drumcondra Education Support Centre
In accordance with section 11 of the Children First Act 2015 the following is the Written Risk Assessment of Drumcondra Education Support Centre.
________________________________________________________________________________
(1) Liosta Gníomhaíochtaí Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach
Cuireann Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach (ITODC) FGL Náisiúnta agus áitiúil araon ar fáil don Phobal Oideachais inár gceantar. Cuireann ITODC seomraí ar fáil ar cíos do ghrúpaí seachtracha agus reáchtálann sé roinnt tionscadal agus clár freisin. Tugann an liosta seo a leanas breac-chuntas ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh leanaí dul i ngleic leis an Ionad:
- Seóthaispeántais ar siúl san Ionad ina bhfuil daltaí ó Bhunscoileanna agus/ nó Iarbhunscoileanna rannpháirteach: m.sh. An Tionscadal Comhpháirtíochta Múinteoirí-Ealaíontóirí, Scriobh Leabhar, Guth an Mhic Léinn, Díospóireachtaí Concern, Dámhachtainí Sármhaitheasa Scoile, Braislí Ildánacha & Clár BLAST.
- Seóthaispeántais ar siúl in ionad poiblí ach eagraithe ag ITODC: An Tionscadal Write a Book, gníomhaíochtaí ETIM & Díospóireachtaí.
- Cláir a leathadh amach tríd an Ionad ina bhfuil pearsanra fostaithe againn chun cuairt a thabhairt ar scoileanna: m.sh. Clár ‘Roghnaigh Sábháilteacht’ an ÚSS, Clár Bratach Scoile Gníomhaí & Clár TL 21, Braislí Ildánacha, CME, BLAST srl.
- Tionscadail a bhaineann go díreach le leanaí agus iad ag tabhairt cuairte ar an Ionad.
- Cúrsaí FGL do mhúinteoirí a bhféadfadh gníomhaíochtaí taispeána a bheith i gceist leo a chuimsíonn Leanaí m.sh. Teagasc Matamaitice, Úsáid TFC, CME agus Gníomhaíochtaí ETIM.
(1) List of Drumcondra Education Support Centre’s activities
Drumcondra Education Support Centre (DESC) provide both National and local CPD for the Education Community in our area. DESC provides room rental for external groups and also runs a number of projects and programmes. The following list outlines activities where children might engage with the Centre:
- Show Case Events held in the Centre involving pupils from Primary and/or Post Primary Schools: e.g. The Teacher Artist Partnership Project, Scriobh Leabhar, Student Voice, Concern Debates, School Excellence Awards, Creative Clusters & BLAST Programme.
- Show case Events held in a public venue but organised by DESC: Write A Book Project; STEM activities & Debates.
- Programmes rolled out through the Centre where personnel are employed by us to visit schools: e.g. HSA Choose Safety Programme, Active School Flag Programme & TL 21 Programme, Creative Clusters, TAP, BLAST etc.
- Projects directly involving children where the children visit the Centre.
- CPD Courses for teachers which may involve demonstration activities which include Children e.g. Maths teaching, Use of ICT, TAP and STEM Activities.
_____________________________________________________________________________________
(2) Tá an riosca díobhála seo a leanas aitheanta ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach maidir lena ghníomhaíochtaí
- Riosca díobhála nach bhfuil á aithint ag foireann an ionaid agus baill an choiste bainistíochta.
- Riosca díobhála nach bhfuil á thuairisciú i gceart ná ar an bpointe ag foireann an ionaid agus baill an choiste bainistíochta.
- Riosca go ndéanfadh duine fásta díobháil do leanbh nó duine óg a dtagann siad air agus iad ag úsáid áiseanna leithris san ionad nó in ionaid sheachtracha gan mhaoirseacht.
- Riosca díobhála do leanbh nó duine óg san Ionad/ in ionaid sheachtracha ag duine fásta a mbuaileann siad leis.
- Riosca díobhála mar gheall ar úsáid mhíchuí a bhaint as ardán cumarsáide ciantheagaisc agus foghlama ar líne cosúil le duine gan chuireadh ag fáil rochtana ar an nasc cúrsa/ imeachta.
- Riosca díobhála mar gheall ar an mbulaíocht.
- Riosca díobhála mar gheall ar an gciníochas.
- Riosca díobhála mar gheall ar easpa mhaoirseachta leanaí nó daoine óga.
- Riosca díobhála mar gheall ar chaidreamh/ cumarsáidí neamhoiriúnacha idir leanbh nó duine óg agus duine fásta eile.
- Riosca díobhála mar gheall ar leanaí nó daoine óga ag fáil rochtana ar/ ag baint úsáide míchuí as ríomhairí, na meáin shóisialta, fóin agus gléasanna eile agus iad in éineacht leis an bhfoireann agus baill an choiste bainistíochta.
- Riosca díobhála do leanaí nó daoine óga a bhfuil RSO acu a bhfuil leochaileachtaí ar leith acu, lena n-áirítear leochaileachtaí leighis.
- Riosca díobhála i gcás duine le duine.
- Riosca díobhála mar gheall ar bhaill foirne agus baill an choiste bainistíochta ag déanamh cumarsáide le leanaí nó le daoine óga ar mhodh míchuí trí na meáin shóisialta, téacsáil, gléas digiteach nó ar bhealach eile.
- Riosca díobhála mar gheall ar bhall d’fhoireann an ionaid agus baill an choiste bainistíochta ag fáil rochtana ar/ ag scaipeadh ábhar míchuí trí na meáin shóisialta, téacsáil, gléas digiteach nó ar bhealach eile.
(2) Drumcondra Education Support Centre has identified the following risk of harm in respect of its activities
- Risk of harm not being recognised by the centre staff and members of the management committee.
- Risk of harm not being reported properly and promptly by the centre staff and members of the management committee.
- Risk of child or young person being harmed when using toilet facilities in the centre or external venues unsupervised by an adult who they encounter.
- Risk of harm to a child or young person who is unsupervised in the Centre / external venues by an adult who they encounter.
- Risk of harm due to inappropriate use of online remote teaching and learning communication platform such as an uninvited person accessing the course/event link.
- Risk of harm due to bullying
- Risk of harm due to racism
- Risk of harm due to inadequate supervision of children or young people
- Risk of harm due to inappropriate relationship/communications between child or young person and another adult.
- Risk of harm due to children or young people inappropriately accessing/using computers, social media, phones and other devices while with staff and members of the management committee.
- Risk of harm to children or young people with SEN who have particular vulnerabilities, including medical vulnerabilities.
- Risk of harm in one-to-one situation.
- Risk of harm caused by staff and members of the management committee communicating with children or young people in an inappropriate manner via social media, texting, digital device or other manner.
- Risk of harm caused by member of the centre’s staff and members of the management committee accessing/circulating inappropriate material via social media, texting, digital device or other manner.
________________________________________________________________________________
(3) Tá na nósanna imeachta a leanas i bhfeidhm ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach chun aghaidh a thabhairt ar na baolta díobhála aitheanta sa mheasúnú seo
Tá na nósanna imeachta a leanas i bhfeidhm ag an Ionad chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí díobhála aitheanta sa mheasúnú seo:
- Déantar ríomh-ghrinnfhiosrúchán ar gach ball foirne atá fostaithe in ITODC agus tá “Clár Ríomhfhoghlama TUSLA” Thús Áite do Leanaí déanta ag gach ball foirne. Iarrtar ar gach ball den Choiste Bainistíochta atá ina múinteoirí cláraithe a ríomh-ghrinnfhiosrúchán a roinnt leis an Ionad. Déantar ríomh-ghrinnfhiosrúchán ar gach ball eile de Choiste Bainistíochta ITODC. Leantar nósanna imeachta Earcaíochta Sábháilte – seiceáiltear teistiméireachtaí srl.
(3) Drumcondra Education Support Centre has the following procedures in place to address the risks of harm identified in this assessment
The Centre has the following procedures in place to address the risks of harm identified in this assessment:
- All staff employed in DESC are E-vetted and all staff have undertaken the Children First “TUSLA E-Learning Programme”. All Management Committee members who are registered teachers are asked to share their E-vetting with the Centre.
All other members of the Management Committee of DESC are e-vetted. Safe Recruitment procedures are followed – references checked etc.
_________________________________________________________________________________
- Cuirtear gach Grúpa a thugann cuairt ar an Ionad ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:
- Ba chóir go mbeadh múinteoir (i rith lae scoile) nó tuismitheoir/ caomhnóir in éineacht le gach leanbh (aonair nó i ngrúpaí) a thugann cuairt ar an Ionad nó ar aon imeacht seachtrach a eagraíonn an tIonad agus na leanaí sin faoi mhaoirseacht chuí.
- Níor cheart leanaí a fhágáil ina n-aonar ag am ar bith le linn na hócáide eagraithe.
- Má bhíonn grúpa páistí ag tabhairt cuairte ar an Ionad nó ar imeacht seachtrach a d’eagraigh an tIonad ba cheart go mbeadh an cóimheas céanna daoine fásta le leanaí i bhfeidhm agus a bheadh i bhfeidhm sa scoil nó ar aon turas scoile. Caithfidh daoine fásta a bheith in éineacht le gach grúpa leanaí.
- Ba cheart a chur in iúl do na daoine fásta atá in éineacht leis na leanaí go bhfuil siad freagrach as sábháilteacht, maoirseacht agus folláine na leanaí. Áirítear leis seo maoirseacht ar úsáid leithris shábháilte.
- Beidh na treoirlínte céanna i bhfeidhm má tá grúpa seachtrach ar bith (seachas scoil) ag tabhairt leanaí isteach san Ionad.
- Níl foireann an Ionaid freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leanaí a thugann cuairt ar an Ionad agus cuirtear scoileanna/ eagraíochtaí/ grúpaí ar an eolas faoi seo.
- Féadfaidh réamhchumarsáid idir an scoil agus foireann an Ionaid agus an Stiúrthóir tacú le scoileanna aon tacaíochtaí breise a ullmhú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó leanaí agus daoine óga a bhfuil RSO nó leochaileachtaí breise acu a ghlacann páirt in imeachtaí an Ionaid.
- All Groups visiting the Centre are made aware of the following:
- All children (individual or in groups) visiting the Centre or any external event organized by the Centre should be accompanied by a teacher (during school day) or parent/guardian and adequately supervised.
- Children should not be left unattended at any time during the organized event.
- If a group of children are visiting the Centre or an external event organized by the Centre the same ratio of adults to children should apply as would apply in the school setting or on any school outing. All groups of children must be accompanied by adults.
- The adults accompanying the children should be made aware that they are responsible for the safety, supervision and wellbeing of the children. This includes the supervision of safe toileting.
- The same guidelines apply if any external group (other than a school) is bringing children into the Centre.
- Centre Staff are not responsible for supervising children visiting the Centre and school/organisations/groups are informed of this.
- Advance communication between the school and the Centre staff and Director may support schools to prepare any additional supports that may be required by children and young people with SEN or additional vulnerabilities taking part in Centre events.
_____________________________________________________________________________________
- Má thugann an fhoireann nó cuairteoirí (teagascóirí/ rannpháirtithe/ baill an Choiste Bainistíochta) a bpáistí féin isteach san Ionad cuirtear in iúl dóibh go gcaithfidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu i gcónaí.
- If staff or visitors (tutors/ participants/ Management Committee members) bring their own children into the Centre they are made aware of the fact that they must supervise them at all times.
____________________________________________________________________________________
- Caithfidh gach cuairteoir chuig an Ionad an leabhar cuairteoirí a shíniú.
- All visitors to the Centre must sign the visitor’s book.
____________________________________________________________________________________
- Déantar ríomh-ghrinnfhiosrúchán ar gach pearsanra a dhéanann ionadaíocht thar ceann ITODC a bhfuil obair íoctha/ dheonach á déanamh acu i scoileanna agus a bhfuil teagmháil dhíreach acu le scoileanna. Déanann ITODC ríomh-ghrinnfhiosrúchán an phearsanra a éascú sa chás gurb é an tIonad an fostóir díreach agus cinntíonn sé freisin go gcloítear le soláthar Dearbhaithe Reachtúil a bhaineann le Cosaint Leanaí, agus an Fhoirm Ghealltanais ghaolmhar ag gach duine atá á gceapadh sa mhúinteoireacht agus i bpoist mhúinteoireachta.
- All personnel representing DESC paid / voluntary working in schools and who have direct contact with schools are E-vetted. DESC facilitates the e-vetting of the personnel where the Centre is the direct employer and also ensures compliance with the provision of a Child Protection-related Statutory Declaration and associated Form of Undertaking by all persons being appointed to teaching and on-teaching positions.
_________________________________________________________________________________
- Bíonn an tIonad i dteagmháil le gach eagraíocht sheachtrach a chuireann cúrsaí/ tionscadail ar fáil san ionad a bhaineann le leanaí chun a chinntiú go gcuirtear an pearsanra ar an eolas faoinár Ráiteas um Chumhdach Sábháilte agus faoinár nósanna imeachta atá leagtha amach thuas.
- The Centre liaises with all external organisations who provide courses/ projects in the centre involving children to ensure that the personnel are informed of our Safe Guarding Statement and our procedures as outlined above.
__________________________________________________________________________________
- Daltaí ar Thaithí Oibre – Féadfaidh an tIonad éascaíocht a dhéanamh ar dhaltaí na hIdirbhliana ar thaithí oibre i rith na bliana. Sula gcuirtear tús le gach socrúchán, iarrann muid ar an scoil ainm an Teagmhálaí Ainmnithe sa scoil a chur in iúl dúinn. Cuirfidh an tIonad a Pholasaí um Chosaint Leanaí in iúl don scoil agus cuirfidh sé cóip den pholasaí ar fáil dóibh. Cinnteoidh an tIonad go mbeidh an scoláire ar an eolas freisin faoin bpolasaí agus go bhfuil a fhios aige cé hé/ hí an Teagmhálaí Ainmnithe/ Leas-Theagmhálaí Ainmnithe san Ionad. Cinnteoidh muid freisin go gcuirfear an mac léinn ar an eolas faoi gach polasaí eile a bhaineann lena sábháilteacht san Ionad, lena n-áirítear Sláinte agus Sábháilteacht agus Sábháilteacht Idirlín.
- Students on Work Experience – The Centre may facilitate Transition Year (TY) students on job work experience during the year. Before the commencement of each placement, the school is requested by us to inform us of the name of the DLP in the school. The Centre will inform the school of its Child Protection Policy and will make a copy of the policy available to them. The Centre will ensure that the student is aware also of the policy and knows who the DLP / Deputy DLP are in the Centre. We will also ensure that the student is made aware of all other policies pertaining to their safety in the Centre, including Health and Safety and Internet Safety.
_______________________________________________________________________________________
- Cuirfear leanaí agus daoine óga ar an eolas maidir lena gceart chun páirt a ghlacadh agus a gceart chun stop a chur lena rannpháirtíocht ag am ar bith, agus aontóidh foireann an Ionaid agus an Stiúrthóir, roimh ré leis an scoil, ar an nós imeachta chun é seo a éascú.
- Children and young people will be informed of their right to participate and their right to discontinue participation at any time, and Centre staff and Director will agree, in advance with the school, the procedure to facilitate this.
______________________________________________________________________________________
- Stóráiltear go slán sonraí pearsanta ar bith a bhailítear mar chuid den toiliú de réir Pholasaí um Chosaint Sonraí an Ionaid.
- Any personal details gathered as part of consent are stored securely as per the Centre’s Data Protection Policy.
_______________________________________________________________________________________
- i. Tá cóip den Ráiteas um Chosaint Leanaí curtha ar fáil ag an Ionad do gach ball foirne agus ball den choiste bainistíochta.
- Cinntíonn an tIonad go gcuirtear cóip den Ráiteas um Chosaint Leanaí ar fáil do gach ball foirne nua agus baill den bhainistíocht.
iii. Spreagann an tIonad foireann an Ionaid agus baill an Choiste Bainistíochta leas a bhaint as oiliúint ábhartha.
- Coinníonn an tIonad taifid den oiliúint ar fad a thugtar d’fhoireann an Ionaid agus do bhaill an Choiste Bainistíochta.
- The Centre –
- Has provided each staff and members of the management committee with a copy of the Child Safeguarding Statement.
- Ensures all new staff and members of the management are provided with a copy of the Child Safeguarding Statement.
iii. Encourages staff and members of the management committee to avail of relevant training.
- Maintains records of all training for staff and members of the management committee.
_____________________________________________________________________________________
Nóta Tábhachtach:
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur riosca “díobhála” atá i gceist leis an téarma “riosca” i gcomhthéacs an mheasúnaithe riosca seo mar atá sainmhínithe san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus ní riosca ginearálta sláinte agus sábháilteachta.
Important Note:
It should be noted that risk in the context of this risk assessment is the risk of “harm” as defined in the Children First Act 2015 and not general health and safety risk.
_________________________________________________________________________________
- Agus an measúnú riosca seo á dhéanamh aige, tá iarracht déanta ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach na rioscaí díobhála do leanbh nó duine óg a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hIonad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach a aithint chomh fada agus is féidir. Cinnteoidh an fhoireann, baill an Choiste Bainistíochta agus iad siúd atá faoi chonradh ag an Ionad go mbeidh nósanna imeachta leordhóthanacha i bhfeidhm chun gach riosca a shainaithnítear a bhainistiú. Cé nach féidir gach riosca díobhála a thuar agus a bhaint, tá na nósanna imeachta atá liostaithe sa mheasúnú riosca seo i bhfeidhm ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach chun riosca a bhainistiú agus a laghdú chomh fada agus is féidir.
- Glacadh an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo (lena n-áirítear measúnú riosca) ar an 12 Márta 2025.
- In undertaking this risk assessment, Drumcondra Education Support Centre has endeavoured to identify as far as possible the risks of harm to a child or young person who participates in activities involving Drumcondra Education Support Centre. Staff, members of the Management Committee and those contracted by the Centre will ensure that adequate procedures are in place to manage all risks identified. While it is not possible to foresee and remove all risk of harm Drumcondra Education Support Centre has in place the procedures listed in this risk assessment to manage and reduce risk to the greatest possible extent.
- This Child Safeguarding Statement (including a risk assessment) was adopted on the 12th of March 2025.
_________________________________________________________________________________________
Sínithe/ Signed: Mary Friel
Cathaoirleach an Choiste Bainistíochta/ Chairperson of the Management Committee
Ainm Clóite/ Printed Name: _______________________
Cathaoirleach an Choiste Bainistíochta/ Chairperson of the Management Committee
Dáta/ Date: 12/3/2025