Dáta:   13.05.25

Am:     19:00-19:30

Nasc:   https://zoom.us/meeting/register/lC-7QoS0RcuclBbFcOtEpg

 

Topaic: 

Acmhainn nua Teagaisc agus Foghlama don tSonraíocht nua do Ghnó na hArdteiste do Mhúinteoirí Gnó

Sa cheardlann seo, tabharfar spléachadh ar acmhainn nua don tSonraíocht Nua do Ghnó na hArdteiste. Beidh cur i láthair 10 nóiméad ar leagan amach na hacmhainne agus ansin beidh deis ann le plé le tuairimí agus le moltaí a roinnt. Fáilte roimh chách!

Acmhainní Teagaisc; Suíomh Tumoideachais; Teagasc trí Ghaeilge

 

Torthaí foghlama

Éireoidh le rannpháirtithe 

  • Foghlaim faoi acmhainn nua don tSonraíocht Nua do Ghnó na hArdteiste.
  • Acmhainní agus noda a bhailiú ó na rannpháirtithe eile.
  • Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt.
  • A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach.

Cainteoir: Tiarnán De Hál, Múinteoir Gnó, Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór

Cainteoirí: múinteoirí Gnó agus oifigigh oideachais COGG